Dhruid muintir na Gréige an t-Acropolis de bharr an teas ní ba luaithe inniu

Heatwaveplaceholder image
Heatwave

Beidh Cnoc Acropolis, áit a bhfuil teampall Parthenon a dtugann na milliúin turasóirí cuairt air gach bliain, druidte ó mheán lae go dtí 5pm, sa Ghréig, a deir na húdaráis.

Dúnfaidh muintir na Gréige ag druid an t-Acropolis ársa inniu le cuairteoirí a chosaint ó thonn teasa a chlúdaíonn an Aithin agus tíortha eile, i ndeisceart na hEorpa.

Beidh Cnoc Acropolis, áit a bhfuil teampall Parthenon a dtugann na milliúin turasóirí cuairt air gach bliain, druidte ó mheán lae go dtí 5pm, sa Ghréig, a deir na húdaráis.

Bhíthear ag rá go mbeadh an teocht ag an mbuaicphointe ag 41C san Aithin faoi an mheán lae inniu ach de gnách bíonn an mearcair ar Chnoc Acropolis ní ba airde nó áiteanna eile san phríomhchathair mar gheall go bhfuil sé suite ar ardán. 

Thug oibrithe na Croise Deirge Heilléanacha buidéil uisce do thurasóirí i scuainí fada, a bhí ag fanáil faoi scáth na gcrann olóige, ar an bhealach isteach go dtí an t-Acropolis, sular dhún sé go sealadach.

Tá Deisceart na hEorpa faoi thonn teasa fíochmhar agus táthar ag rá go mbeidh an teas níos airde an tseachtain seo chugainn. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice