Pleananna ag leas-mhéara Contae Lú le fadhb na bhfaoileáin a leigheas


Tá sé ar intinn ag Leas-Mhéara Dhroichead Átha, an comhairleoir Neamhspleách Kevin Callan, fabhcúin a úsáid le hiarracht a dhéanamh smacht a chur ar dhaonra na bhfaoileáin.
Is i gContae Lú atá an comhairleoir ina chonaí. Dúirt an comhairleoir le Drivetime, RTÉ, go raibh sé i dteagmháil le saineolaí a dúirt gur chuidigh an t-éan creiche le fadhbanna in áiteanna eile.
Dúirt sé gur leor an fabhcún a chur ar eitilt thar an baile le srían a choinneál ar na bhfaoileáin.
"Is comhartha é go bunúsach bogadh ón baile."
Dúirt sé go raibh fadhbanna le dumpáil agus bruscar, ach go bhfuil feabhas taghta ar na fadhbanna sin.