Siansa Gael Linn 2023 a chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta

placeholder image

Beidh €2500 ag dul don bhuaiteoir agus Corn Ghael Linn, agus beidh €1250 agus €750 don dara agus don tríú háit

Craolfar craobh Siansa Gael Linn 2023 beo ar Raidió na Gaeltachta ón gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath oíche Dhomhnaigh, Aibreán 2.  Is í Áine Hensey a chuirfidh an ócáid i láthair, agus beidh ocht ngrúpa de cheoltóirí óga san iomaíocht do na duaiseanna.  

Is iad na grúpaí sa chraobh i mbliana Binneas ó Chontae an Chláir, Luath ar Maidin as Loch Garman, Gaoiseach as Tiobraid Árann, Anord as Contae Chorcaí, Giúirléidí as Contae Phort Láirge, Armóin as Contae Mhaigh Eo, Saolach as Contae Luimnigh agus Misneach as Contae Laoise.  

Is iad Niamh Ní Charra, Mark Ó Ceallaigh agus Declan Masterson na moltóirí i mbliana. Beidh €2500 ag dul don bhuaiteoir agus Corn Ghael Linn, agus beidh €1250 agus €750 don dara agus don tríú háit. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice