'Coinnigh ort, scríobh rud huile bhliain don chomórtas' - Joe Steven Ó Neachtain
Is iomaí sin scríbhneoir a chuir tús lena dturas i saol na scríbhneoireachta de bharr comórtais liteartha Oireachtas na Gaeilge. Tá stair an fhéile fite fuaite le céird na scríbhneoireachta. Nuair a tionóladh chéadfhéíle an Oireachtais i mBaile Átha Cliath i 1897, bhí na comórtais dírithe go mór, mhór ar an litríocht agus gach a mbáineann leis.
Thar na mblianta, chonacthas do lucht eagraíochta an Oireachtais go raibh éileamh ag an phobal ar scríbhneoireacht na Gaeilge. Ar feadh breis agus céad bliain, tá ardán a thabhairt ag an Oireachtas do scríbhneoireacht na Gaeilge agus mór-ainmneacha Gaelacha bainte leis. Is beag scríbhneoir aitheanta, nach bhfuil luaite leis an comórtas, leithidí Pádraig Mac Piarais, Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Biddy Jenkinson agus go leor, leor eile.
Is fiú an cheist a ardú - cá mbeadh muid gan a leithid?
Is beag áit eile a bheadh ag scríbhneoirí na Gaeilge dhul san iomaíocht le chéile. Níos mó nó sin, faigheann na scríbhneoirí uchtach nuair a éiríonn leo áit a bhaint amach i gcomórtais. Tugann sé dóchas díofa. Is cuimhin liom i 2004, an t-údar agus an t-aisteoir, Joe Steve Ó Neachtain ag teacht chugam san Guinness Storehouse, an áit a bhí bronnadh na nduaiseanna ar siúl ag an Oireachtas, agus é ag ráit liom, ‘coinnigh ort, scríobh rud huile bhliain don chomórtas’ - focail a d’fhan liom agus a thug uchtach domsa, mar scríbhneoir óg ag an am, coinneáilt ag treabhadh agus ag streacháilt liom.
An tseachtain seo, ghlac mé páirt i gceardlann scríbhneoireachta do dhrámaí raidió atá a reachtáil ag Oireachtas na Gaeilge agus is ann a chonaic mé scríbhneoirí atá le mo aithne agus óg scríbhneoirí nach bhfuil ar mo eolas go foill. Sé an scríbhneoir Cathal Porter a bhí i mbun na ceardlainne agus bhain mé an-sult as.
Thug sé inspioráid dom dhul i mbun pinn agus dráma don chineál seo a scríobh cé nar smaoinigh mé ariamh ar a leithid. Is beag deis a bhfaighfeá suí isteach ar cheardlann Béarla gan costas a bheith ann le híoc. Anuas ar sin, bhí scór duine nach bhfuair deis suí isteach ar an cheardlann céanna de bharr an ráthairt a bhí ar - rud a léiríonn go raibh an-éileamh ar. Is cinnte go mbeidh go leor daoine san iomaíocht i mbliana san chomórtas céanna de bharr fadbhreathnaitheacht lucht an Oireachtais.
Tá cúig chomórtas déag do scríbhneoirí fásta ar chlár na gComórtas Liteartha i mbliana agus glacfar le hiontrálacha go dtí 1 Iúil. Bígí páirteach ann. Tá ceithre chomórtas déag ann do scríbhneoirí óga chomh maith. Gach eolas ag: An tOireachtas - Clárú anseo
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.