Gabhann na Gardaí vapes agus táirgí ina bhfuil cannabas, ar fiú €3 mhilliún iad

Tá imscrúduithe ar siúl tar éis urghabháil a dhéanamh ar ghléasanna gaile (vapes) mídhleathacha agus ar tháirgí cannabais, ar fiú níos mó ná €3 mhilliún iadplaceholder image
Tá imscrúduithe ar siúl tar éis urghabháil a dhéanamh ar ghléasanna gaile (vapes) mídhleathacha agus ar tháirgí cannabais, ar fiú níos mó ná €3 mhilliún iad

Cuirfear na táirgí a urghabhadh chuig Forensic Science Ireland lena n-anailísiú.

Tá imscrúduithe ar siúl tar éis urghabháil a dhéanamh ar ghléasanna gaile (vapes) mídhleathacha agus ar tháirgí cannabais, ar fiú níos mó ná €3 mhilliún iad.

Mar chuid d’oibríocht leanúnach atá dírithe ar Ghrúpa Coireachta Eagraithe a bhíonn i mbun díol agus soláthar gléasanna gaile mídhleathacha agus táirgí cannabais ar fud na tíre, rinne baill de Bhiúró Náisiúnta na nGardaí um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe cuardach ar áiteanna i Longfort, i Maigh Eo, i Ros Comáin, i Loch Garman agus i gCeatharlach Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2026.

"Bhí níos mó ná 100 Garda, ón mBiúró Náisiúnta um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (GNDOCB), ó aonaid speisialaithe náisiúnta agus ó aonaid eile sna contaetha sin, páirteach sna cuardaigh," a dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána.

"Urghabhadh gléasanna gaile mídhleathacha agus táirgí cannabais a bhfuil luach sráide measta acu de bhreis agus €3 mhilliún san iomlán, chomh maith le breis agus €235,000 in airgead tirim, £3,000 steirling, $3,500 dollar SAM agus roinnt feithiclí ardluacha," a dúirt an t-urlabhraí.

Cuirfear na táirgí a urghabhadh chuig Forensic Science Ireland (FSI) lena n-anailísiú.

Níl aon duine gafa faoi láthair agus deir na Gardaí go bhfuil imscrúduithe ar siúl.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice