Cuireann ceardchumainn stailc phleanáilte ar fionraí


Deir ceardchumainn, cé go bhfuil an stailc a bhí beartaithe don Chéadaoin seo chugainn curtha ar fionraí, go leanfaidh an gníomh ‘obair de réir rialacha’ ar aghaidh
Tá gníomh stailce a bhí beartaithe don Chéadaoin seo chugainn curtha ar fionraí ag ceardchumainn, tar éis plé a bheith acu leis an Rialtas.
Ghlac níos mó ná 300,000 oibrí san earnáil phoiblí – ina measc altraí, dochtúirí, múinteoirí agus státseirbhísigh – páirt i stailc Dé Céadaoin seo caite, mar gheall ar mhoill maidir le comhaontú nua pá don earnáil phoiblí a bhaint amach.
I ráiteas a eisíodh tráthnóna Dé hAoine seo, dúirt Coiste na Seirbhísí Poiblí de chuid ICTU (Comhdháil Cheardchumann na hÉireann) go raibh cruinniú ag na 19 gceardchumann atá cleamhnaithe leis an gCoiste sin, tar éis plé a bheith ar siúl "le 24 uair an chloig anuas". Chinn siad an ghníomh stailce a bhí beartaithe don Chéadaoin seo chugainn a chur ar fionraí.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Kevin Callinan, gur aontaigh an Rialtas Kevin Foley – Cathaoirleach an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) – a cheapadh chun "próiseas dian agus dírithe" a chur i gcrích. Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas sin bunús a chruthú le haghaidh caibidlíochta foirmiúla ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Glacfaidh Oonagh Buckley, Ard-Rúnaí na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Owen Reidy, Ard-Rúnaí Chomhdháil Cheardchumann na hÉireann, páirt sa phlé chomh maith.
De réir an ráitis, cé go bhfuil an stailc a bhí beartaithe don Chéadaoin seo chugainn curtha ar fionraí, leanfaidh an beartas "oibriú de réir na rialacha" (work-to-rule) ar aghaidh.
Ag fáiltiú roimh an bhforbairt seo, dúirt an Taoiseach Micheál Martin: “Tá súil agam go gcuirfidh an tionscnamh seo, atá á ghlacadh againn inniu, ar chumas gach páirtí bogadh ar aghaidh le chéile i dtreo caibidlíochta bríomhaire, agus ar deireadh, teacht ar réiteach rathúil.
“Tá an-mheas agam ar an méid a chuireann oibrithe na seirbhíse poiblí ar fáil. Is iadsan cnámh droma ár gcórais cúram sláinte, cúram sóisialta, oideachais agus go leor earnálacha eile. Tá deis fhíor ann anois dul chun cinn a dhéanamh, ós rud é go bhfuil an dá thaobh toilteanach teacht le chéile agus na ceisteanna éagsúla a phlé, agus tiomantas dáiríre acu don idirphlé.”
Dúirt an Tánaiste Simon Harris leis: “Cuirim fáilte roimh an bhforbairt dhearfach seo. Tá súil ag an Rialtas, tríd an bpróiseas seo, go mbeimid in ann teacht ar bhealach chun cinn a ligfidh do na páirtithe teacht ar réiteach a shásaíonn gach taobh.
"Tá oibrithe na hearnála poiblí thar a bheith tábhachtach dár ngeilleagar agus do ghnéithe éagsúla den tsochaí; is tríd an idirphlé agus an plé amháin is féidir a chinntiú go mbeidh bealach dearfach chun cinn ann a rachaidh chun sochair do chách." Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, Jack Chambers: “Creidim go bhfuil fíordheis ann anois dul chun cinn a dhéanamh, agus an dá pháirtí ag teacht le chéile chun na ceisteanna a ardaíodh a phlé.
“Tá muinín agam go bhfuil tiomantas dáiríre ann don idirphlé, agus tá súil agam go gcuirfidh an tionscnamh seo ar chumas an dá thaobh bogadh ar aghaidh le chéile i dtreo caibidlíocht bhríoch.
“Tá an-mheas agam ar sheirbhísigh phoiblí agus ar an gcion mór a dhéanann siad dár sochaí agus dár ngeilleagar.
“Tá sé tábhachtach go mbeadh cinnteacht ann, do sheirbhísigh phoiblí agus don phobal i gcoitinne araon, agus creidim gur céim shuntasach dhearfach é an próiseas seo i dtreo na cinnteachta sin a sholáthar sa tréimhse atá romhainn.”