Clár ceoil agus siamsaíochta ina ndéanfar ceiliúradh ar Naomh Bríd

Tabharfar léargas sa chlár Ardóidh mé mo Sheol - Lá Le Bríde 2023 ar cheiliúradh Imbolc fosta

Is clár ceoil agus siamsaíochta é an clár Ardóidh mé mo Sheol - Lá Le Bríde 2023 ina ndéanfar ceiliúradh ar Bhríd agus ar mhná na hÉireann. Tarraingíodh mná ó gach traidisiún le chéile mar gheall ar an gclóca cáiliúil foscaidh a bhí ag Bríd agus déantar iarracht sa chlár aithris a dhéanamh air sin. 

Tabharfar léargas sa chlár freisin ar cheiliúradh Imbolc, féile a dhéanann ceiliúradh ar theacht na laethanta níos faide agus níos teo agus ar theacht amach as dorchadas an gheimhridh. Le linn an chláir atá cúig nóiméad is seachtó ar fad déanfaidh cliar ensemble de dhaoine, ceoltóirí, amhránaithe, filí, miotaseolaithe agus scoláirí éagsúla as Éirinn ceiliúradh ar shaol, miotais, traidisiúin agus tionchair Bhríd. 

Treoróidh na láithreoirí Síle Ní Bhraonáin agus Eoghan Ó Ceannabháin muid trí cheiliúradh ceoil ar Bhríd, bandia agus naomh, ar an gcéad deireadh seachtaine saoire bainc seo ina honóir. 

Rinneadh an scannánú ar an gclár os comhair lucht féachana beo i gceantar mórga mórthimpeall Ardeaglais Naomh Bríd, Baile Chill Dara. Dúradh gur ar na tailte a bhunaigh Bríd séipéal agus mainistir in 480 A.D. Ar an gclár beidh ceol ó T with the Maggies, Tara Erraught, John Francis Flynn agus Paddy Keenan, iadsan go léir ag casadh ceoil le chéile den chéad uair riamh, agus ó Cheol na mBan, Amhránaithe Nás na Rí, Precious Abimbola agus go leor eile.

Beidh an clár ar siúl Dé Domhnaigh,Feabhra 5, ar an 9.30in. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice