Annie agus Méabh Smyth
Beidh spórt agus spraoi ann i mbliana agus beirt dheartháir, Pax agus Macdara Ó Faoláin, agus beirt dheirfiúr, Annie agus Méabh Smyth, i measc na gceoltóirí a bheas san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada.
Cuirfidh Peadar Ó Riada an ócáid i láthair beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh, ar Feabhra 3.
Is as An Rinn do Pax agus Macdara Ó Faoláin, agus aithne mhaith orthu mar cheoltóirí. Is fidléir traidisiúnta, amhránaí agus léiritheoir é Pax. Bíonn sé ag cumadh ceoil freisin, agus tá scéimeanna idir lámha aige a bhaineann le hathbheochan agus caomhnú saothair cheoltóirí traidisiúnta ar leith. Seinneann sé leis an ngrúpa Nuadán, agus tá sé ag obair mar léiritheoir in earnáil na teilifíse. Is ceoltóir iluirlise é Macdara a chasann an fhidil, an maindilín agus an basúcaí. Is déantóir uirlise é, agus tá sé ina bhall den ghrúpa Nuadán freisin. Bhain sé an chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada amach cheana, sa bhliain 2019, agus bronnadh céim onórach air le déanaí ó Cheol-Scoil Chorcaí. Bhí siad beirt le feiceáil sa tsraith Slí na mBeaglaoich ar TG4 i 2022.
Is as Baile Mhic an Aba i gContae Ard Mhacha do na deirfiúracha Annie agus Méabh Smyth, ó theaghlach ceolmhar atá ar maos i dtraidisiún fidléireachta dheisceart Uladh agus Thír Chonaill. Thosaigh siad beirt ag casadh ar an bhfidil i gClub na bPíobairí in Ard Mhacha nuair a bhí siad thart ar seacht mbliana d’aois. Bronnadh an gradam Fiddler of London ar Mhéabh i 2021. Shroich sí an chraobh don Bhonn Óir cheana, sa bhliain 2019, agus tá sí ag obair mar abhcóide. Tá Annie i mbun staidéir ar chúrsaí margaíochta agus nuálaíochta i DCU faoi láthair. Casann sí an fheadóg stáin agus an bainseó chomh maith. Bhí sí san iomaíocht sa chraobh do Fiddler of London 2022, agus bhí sí páirteach le déanaí i bhféile Birmingham TradFest agus Féile Ed Reavy.
Is iad na ceoltóirí iomráiteacha Connie O’Connell, Éamon McGivney agus Ciarán Ó Maonaigh a bheas i mbun moltóireachta i mbliana. Gheobhaidh an buaiteoir an Bonn Óir, deartha ag Niamh Utsch, agus €2500. Beidh costas €10 ar an doras dóibh siúd ar mhaith leo freastal ar an ócáid i gCorcaigh, agus beidh sé le feiceáil beo ar leathanach Facebook RTÉ RnaG freisin.
Dúirt Peadar Ó Riada: “Tá muid ana shásta le forbairt an chomórtais ó cuireadh ar bun é 13 bliain ó shin, agus an meas atá tuillte aige i measc phobal an cheoil. Tá iomaitheoirí tagtha chugainn ó thíortha ar fud an domhain, a bhuíochas leis an raidió a scaipeann an soiscéal i bhfad is i gcéin. Tá caighdeán na n-iarrthóirí i mbliana chomh hard is a bhí riamh, agus creidim go bhfuil an comórtas ag leagan síos caighdeán de bharr feabhas na moltóirí thar na blianta. Tá súil againn go mbeidh muintir an cheoil ag éisteacht linn ar an 3ú lá, agus beidh an comórtas le feiceáil beo ar líne freisin gan dabht mar a bhíonn gach bliain.”
Is iad na hiomaitheoirí i mbliana: Adam Cole-Mullen as Boston, Alice Bradley as Maryland, Andrew Caden as Maryland, Joe de Georgeo as Minnesota, Ty Kelliher as Connecticut, Caoimhe Flannery as Séipéal na Carraige, Contae Chorcaí, Megan Nic Fhionnghaile as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, Annie Smyth as Baile Mhic an Aba in Ard Mhacha, Jason Mac Aonghusa as An Droim Mór Thiar i Sligeach, Macdara Ó Faoláin as An Rinn i gCo. Phort Láirge, Méabh Smyth as Baile Mhic an Aba in Ard Mhacha, Pax Ó Faoláin as An Rinn i gContae Phort Láirge, Sinéad Nic Cionnaith as Eochair i gContae Thír Eoghain, agus Úna McGlinchey as an Ómaigh i gContae Thír Eoghain.
Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh na hiomaitheoirí ar an gcomórtas.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.