Tosóidh Annemarie Britz ina ról nua ag an gcraoltóir náisiúnta níos déanaí i mbliana
D’fhógair RTÉ ceapachán Annemarie Britz mar Phríomhoifigeach Airgeadais, RTÉ i ndiaidh comórtas poiblí.
Faoi láthair, is í Stiúrthóir Airgeadais agus Feidhmíochta Gnó i mBanc Ceannais na hÉireann í, agus tosóidh sí sa ról i bhfómhar na bliana 2026.
Tháinig Annemarie isteach i mBanc Ceannais na hÉireann in 2019 mar Cheann na Roinne Rialaithe Airgeadais, post a bhí aici go dtí 2024 nuair a ceapadh í ina ról reatha.
Sula ndeachaigh sí isteach sa Bhanc Ceannais, chaith Annemarie formhór a gairme ag obair san earnáil phríobháideach san Afraic Theas áit a raibh roinnt post mar POF aici.
LÉIGH FREISIN | 'Ba sheoid í' - Ómós don amhránaí tíre Ceilteach Moya Brennan
Tháinig sí isteach i mBanc Cúltaca na hAfraice Theas in 2014 áit a raibh poist Leas-Phríomhoifigeach Airgeadais (2014 – 2016) agus Leas-Cheann Margaí Airgeadais (2016 – 2019) aici.
Is ionadaí í Annemarie ar Bhanc Ceannais na hÉireann ar Choiste Buiséid an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus is ball í dá líonra domhanda POFanna Banc Ceannais.
Bhí sí ina ball de Choiste Cuntasaíochta agus Ioncaim Airgeadaíochta an BCE roimhe seo.
Tá céim Onóracha BCom i gCuntasaíocht ag Annemarie agus Teastas i dTeoiric na Cuntasaíochta ó Ollscoil Pretoria, san Afraic Theas, agus is Cuntasóir Cairte cáilithe í.
LÉIGH FREISIN | Tuairisc nua faighte amach go raibh Ryanair i measc na gcomhlachtaí ba mhó a ndearnadh gearán fúthu in Éirinn anuraidh
Ag trácht ar cheapadh Annemarie Britz, dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Táim an-sásta leis an bhfógra faoi cheapadh Annemarie Britz mar chéad Phríomhoifigeach Airgeadais RTÉ tar éis próiseas roghnúcháin dian.
“Tugann Annemarie taithí mhór don ról a bheidh ina buntáiste mór domsa agus d’Fhoireann Cheannaireachta RTÉ agus muid ag leanúint leis an gclaochlú riachtanach ar RTÉ agus ag cinntiú go bhfanfaidh an eagraíocht ar chonair inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de. Táim ag tnúth le fáilte a chur roimpi chuig an eagraíocht go luath.”
Ag trácht ar a ceapachán, dúirt Annemarie Britz: “Is pribhléid é dul isteach in RTÉ ag tráth chomh ríthábhachtach sin. Creidim go mór i misean RTÉ freastal ar an bpobal agus léiriú a dhéanamh ar shaol na hÉireann ar fad — agus táim ag tnúth le mo ról a ghlacadh in eagraíocht ina bhfuil an oiread sin daoine atá tiomanta don mhisean sin a chomhlíonadh gach aon lá.”
Fógrófar socrú eatramhach roimh imeacht an Phríomhoifigigh Airgeadais reatha, Mari Hurley.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.