Athghlaoch faighte ag Uachtarán an Oireachtais 2023

Thug bord stiúrtha an Oireachtais cuireadh dó an Dochtúir Gearóid Denvir an ról onórach seo a ghlacadh arís in 2023
Beidh an Dr Gearóid Denvir ag dul i mbun a chéad chúram ina cháil mar Uachtarán an Oireachtais 2023 an deireadh seachtaine seo nuair a reáchtálfar comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal, Corn Chiaráin Uí Chon Cheanainn, in Ollscoil na Gaillimhe, Dé Sathairn, Márta 11.
Chaith an Dr Denvir seal cheana ina Uachtarán ar an Oireachtas i rith bhlianta na paindéime ach, ó tharla nár tháinig pobal na Gaeilge le chéile ag féile Oireachtais le linn na tréimhse sin, thug bord stiúrtha an Oireachtais cuireadh dó an ról onórach seo a ghlacadh arís in 2023.
Dúirt siad: "Táimid ag súil go mór leis an Dr Denvir a bheith ar ais linn mar Uachtarán do 2023. Tá sáreolas aige ar an Oireachtas, ó théagar a chuid taighde, ó thoirt a chuid léinn agus ó chroíúlacht a pháirteachais i gníomhaíochtaí Oireachtais le fada an lá. Guíonn muid gach rath agus sonas air sa ról seo sa bhliain amach romhainn."