Ciarán Ó Con Cheanainn, 2008 ag Oireachtas na Gaeilge
Beidh Corn Uí Chon Cheanainn 2023, comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal, á reáchtáil den chéad uair ón bhliain 2019 in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Dé Sathairn, 11 Márta 2023 ag 2pm. Is i gcuimhne ar an sárfhonnadóir, Ciarán Ó Con Cheanainn, a bunaíodh an comórtas.
Rugadh agus tógadh Ciarán Ó Con Cheanainn i Sáile Thúna, An Spidéal. Scoláire léannta a bhí ann agus is ag gabháil den PhD a bhí sé nuair a sciobadh uainn go tobann é i mí Feabhra na bliana 2009.
Is iomaí comórtas amhránaíochta ar an sean-nós a bhuaigh Ciarán, ina measc; Fleadh Cheoil na hÉireann; Corn Mháire Mhic Dhonnchadha; Sean-Nós na bhFear agus ba é an duine ab óige ag an am le Corn Uí Riada a bhuachan nuair a thug sé leis an corn ag Oireachtas na Samhna sa bhliain 2008.
Is é Dé Luain, 6 Márta 2023 an spriocdháta d’iontrálacha agus beidh táille iontrála de €5 le híoc ag iomaitheoirí.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.