Aoiliosta foilsithe do sheó comhrá nua RTÉ leis The 2 Johnnies

placeholder image

TÁ AOILIOSTA don chéad chlár de chlár nua The 2 Johnnies ar RTÉ foilsithe.

Don chéad chlár de The 2 Johnnies Late Night Lock In, beidh an t-amhránaí Una Healy, an fuirseoir Seann Walsh agus an sár-iriseoir CLG Mary Morrissey i dteannta na láithreoirí Johnny B agus Johnny Smacks.

Beidh an seó ar siúl ar feadh sé seachtaine ar RTÉ2 agus ar RTÉ Player.

Beidh banna ceoil, The Young Ones, ann freisin chun ceol beo a chur ar fáil.

Gheobhaidh an lucht féachana páirt a ghlacadh i go leor spraoi agus cluichí le linn an tseó.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice