Search

06 Sep 2025

Fógraíonn Údarás na Gaeltachta scéim phíolótach úr Glasoiliúint

"Teastaíonn deiseanna breise oiliúna agus traenála ó mhuintir na Gaeltachta má tá siad le iad féin a chur in oiriúnt do na hathruithe atá ag tarlú. Tá muid sásta go gcuirfidh an scéim phíolótach seo na deiseanna sin ar fáil"

Fógraíonn Údarás na Gaeltachta scéim phíolótach úr Glasoiliúint

D’fhógair Údarás na Gaeltachta scéim phíolótach nua Glasoiliúint, chun cuidiú le ceardaithe agus daoine proifisiúnta Gaeltachta atá ag iarraidh scileanna a uasdhátú nó scileanna nua a fhoghlaim, i réimse dá gcuid oibre a bhaineann le caomhnú fuinnimh, nó i dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite.  

Beidh suas le €2,000 ar fáil i dtreo táillí teagaisc do chúrsaí aitheanta sa réimse seo.

Tá éileamh an-mhór ar scileanna leictreacha, pluiméireachta, innealtóireachta, ailtireachta, suiteála, tógála agus díonlach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite; is í aidhm na scéime seo, breis oiliúna a chur ar oibrithe atá ag iarraidh aistriú isteach in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an gá atá leis an lorg carbóin a ísliú chun an dlús atá faoin téamh domhanda a laghdú.

"Anuas ar sin, tá 'An Ghaeltacht Ghlas' aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar dheis thábhachtach le cur leis an gcruthú fostaíochta agus le heacnamaíocht na Gaeltachta i Straitéis Údarás na Gaeltachta 2021-2025. Teastaíonn deiseanna breise oiliúna agus traenála ó mhuintir na Gaeltachta má tá siad le iad féin a chur in oiriúnt do na hathruithe atá ag tarlú. Tá muid sásta go gcuirfidh an scéim phíolótach seo na deiseanna sin ar fáil."

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.