Rosie O’Donnell, Kate O’Connor and Gráinne Seoige set for Late Late Show


Is féidir féachaint ar The Late Late Show ó 9.35in ar RTÉ One agus ar RTÉ Player
Beidh aíonna mór le rá ó shaol an spóirt agus na siamsaíochta i láthair in éineacht le Patrick Kielty ar The Late Late Show Dé hAoine seo.
Labhróidh an fuirseoir agus an t-aisteoir Rosie O'Donnell faoin gcaoi ar shocraigh sí síos in Éirinn, faoin bhfilleadh rathúil a rinne sí ar theilifís na Stát Aontaithe an samhradh seo, agus faoin ról atá le glacadh aici ar Broadway go luath.
Pléifidh sí freisin an freagra a tugadh ar chuairt an Uachtaráin Donald Trump ar Éirinn.
Beidh beirt de na réaltaí Éireannacha is mó a sheas amach ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa i Birmingham, Rhasidat Adeleke agus Kate O'Connor, i láthair le labhairt le Patrick Kielty.
Pléifidh siad an mothú a bhain leis an dá bhonn nua a bhaint amach, na dúshláin agus na héachtaí a bhain lena dturas chuig na Craobhchomórtais, agus an inspioráid a thugann siad don chéad ghlúin eile lúthchleasaithe.
Ina theannta sin, beidh an díséad neamhghnách sin – nach raibh a fhios againn fiú go raibh géarghá againn leo – i láthair: inseoidh an finscéal rugbaí Donncha O’Callaghan agus an fuirseoir Emma Doran do Patrick faoin turas lán eachtraí a rinne siad chuig Craobhchomórtais Dhomhanda Iompar na mBan Céile (Wife Carrying World Championships) san Fhionlainn, mar chuid den tsraith nua de chuid RTÉ, Donncha's Away Games.
Labhróidh siad freisin faoi mháithreacha a chuireann náire ar dhaoine, faoi aithreacha a dhéanann praiseach de rudaí, agus faoin gcúis gur feiniméan go hiomlán Éireannach é Ireland’s Fittest Family.
Beidh an craoltóir Gráinne Seoige i láthair le Patrick freisin. In 2024, agus í ag déanamh feachtasaíochta ó dhoras go doras don olltoghchán, cuireadh in iúl do Ghráinne go raibh íomhánna gnéis falsa (deepfakes) di, cruthaithe ag hintleacht shaorga, á scaipeadh.
Pléifidh Gráinne an tionchar a bhí ag na híomhánna sin uirthi agus an gá atá ann, dar léi, smacht a fháil ar ais i ndomhan atá ag athrú go tapa.
Déanfaidh an t-amhránaí-cumadóir atá ag éirí go maith leis, Dave Lofts ó Chontae Chill Mhantáin, a chéad láithriú ar The Late Late Show.
Is féidir féachaint ar The Late Late Show ó 9.35in ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.