Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2026 Fógartha


Fógrófar buaiteoirí na ngradam ag searmanas bronnta Dé Céadaoin, an 30 Meán Fómhair 2026, in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh
Tá na gearrliostaí do Ghradaim Foilsitheoireachta Leabhar na Bliana (Gaeilge) fógartha ag An tOireachtas, i gcomhar le Foras na Gaeilge.
Tá trí chatagóir sna gradaim – Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Pháistí) agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothair a aistríodh go Gaeilge).
Tá naoi leabhar déag (19) san iomlán ar na gearrliostaí i mbliana – seacht gcinn (7) sa chatagóir ‘Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta’; cúig cinn (5) sa chatagóir ‘Leabhar na Bliana do Pháistí’ agus seacht gcinn (7) sa chatagóir do shaothair aistrithe.
I measc na ndeich dteach foilsitheoireachta atá ar na gearrliostaí tá Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Dalen Éireann; Éabhlóid; Futa Fata; JM Agency Publishing & Design; LeabhairCOMHAR; Leabhar Breac; Mayo Book Press; agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Tá leabhar amháin a d’fhoilsigh an t-údar féin ar an ngearrliosta chomh maith.
“Léiríonn na saothair atá ar ghearrliostaí Ghradaim na Foilsitheoireachta i mbliana na caighdeáin is airde ar fad,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach an Oireachtais.
“Gabhaim comhghairdeas leis na foilsitheoirí a chuir na saothair seo ar fáil don phobal. Is léir gur tugadh an-aird ar gach foilseachán ag gach céim den phróiseas – ón eagarthóireacht chúramach agus an dearadh ealaíonta go dtí an cur i láthair deiridh atá snasta go maith – rud a d’fhág go bhfuil leabhair áille Ghaeilge againn a mheallfaidh léitheoirí nua.”
Fógrófar buaiteoirí na ngradam ag searmanas bronnta Dé Céadaoin, an 30 Meán Fómhair 2026, in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh.
Bronnfar ciste duaiseanna ar luach €17,000 san iomlán.
Tá sonraí faoi na foilseacháin ar fad ar fáil ach cliceáil