Clár Cheoltóirí na Collchoille Fógartha don Phicnic Leictreach 2026

An Gaeilge i gcroílár fhéile is mó na hÉireann le clár ceoil spreagúilplaceholder image
An Gaeilge i gcroílár fhéile is mó na hÉireann le clár ceoil spreagúil

An Ghaeilge i gcroílár an fhéile is mó in Éirinn le clár spreagúil ceoltóirí fógartha inniu

Beidh ceol, cultúr agus comhluadar na nGael á gceiliúradh arís ag an bPicnic Leictreach i mbliana agus Croí na Féile, tionscnamh de chuid Chonradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá, ag filleadh ar an bhféile cheoil is mó in Éirinn.

Beidh an t-ardán Gaeilge, An Chollchoill, ar ais arís i mbliana agus ar chlár na bliana seo beidh meascán spreagúil de cheoltóirí aitheanta agus ceoltóirí atá ag teacht chun cinn, agus leithéidí Bog Bodies, Ispíní na hÉireann, Burnchurch, Clada, Méabh Mulligan agus Eva Carroll, mar aon le go leor eile.

Beidh ceol Gaelach agus ceol traidisiúnta le cloisteáil ar stáitse na Collchoille idir 19:00 agus meán oíche agus beidh dhá cheolchoirm rúnda ar siúl chomh maith, le dhá ghrúpa speisialta le fógairt go fóill.

Tá an Láthair Ghaeltachta ar ais arís i mbliana, rud a thabharfaidh an deis do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge a gcuid pubaill a chrochadh le chéile i gcomhluadar na nGael. Léiríonn an t-éileamh mór ar an Láthair Ghaeltachta an fuinneamh faoi leith atá ag baint le ceol agus le cultúr na Gaeilge faoi láthair.

Ar fud na tíre, tá daoine ag teacht le chéile chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealaí nua spreagúla, trí cheol, féilte agus cultúr. Beidh an fuinneamh sin le braith ag an bPicnic Leictreach i mbliana, áit a mbeidh an Ghaeilge i gcroílár na féile trí cheol, trí chomhrá agus trí phobal bríomhar.

Clár Cheoltóirí na Collchoille Fógartha don Phicnic Leictreach 2026placeholder image
Clár Cheoltóirí na Collchoille Fógartha don Phicnic Leictreach 2026

Ag labhairt faoin bhféile, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Feachtais Feasachta, Conradh na Gaeilge: “Tá ríméad orainn bheith ag filleadh ar an Sráidbhaile i mbliana, leis an láthair champála Ghaeltachta agus na ceoltóirí iontacha a bheas linn sa Chollchoill. Tá fuinneamh faoi leith ag baint le ceol agus cultúr na Gaeilge faoi láthair, agus tá sé iontach níos mó daoine a fheiceáil ag teacht le chéile chun an Ghaeilge a cheiliúradh.

Is mór againn an comhoibriú leanúnach le Festival Republic agus Melvin Benn leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an bhféile.

Táimid ag tnúth go mór le TG4 a bheith linn sa Chollchoill arís lena gclár BEO ÓN ELECTRIC PICNIC a thaispeánfaidh cuid de na ceoltóirí a bheas linn thar an deireadh seachtaine.”

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice