Fiosrófar ar Iniúchadh na fíricí maidir le polasaí neodrachta na hÉireann

Fiosrófar ar chlár ar TG4 na fíricí maidir le polasaí neodrachta na hÉireann. Ag labhairt dó ar Iniúchadh TG4 – Éire Neodrach? dheimhnigh an t-iarAire Cosanta Willie O’Dea T.D. do TG4 go bhfuil socrú ag Rialtas na hÉireann leis an Aerfhórsa Ríoga maidir le faireachas a dhéanamh ar aerárthaí naimhdeacha nó coimhthíocha agus intleacht a thabhairt ina leith.

Mhínigh sé an socrú don iriseoir Kevin Magee: “Tharla sé uair nó dhó nuair ab éigean dúinn teagmháil a dhéanamh leis na daoine cuí sa Rúis, trí ambasáid na Rúise go bunúsach, chun fiosrúcháin a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh an iomarca a rá faoi, ach fuair muid an intleacht, an t-eolas, ón RAF, ó Intleacht na Breataine mar gheall ar shocrú fada buan atá idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe.” 

Fiosraítear sa gclár chomh maith an tionchar a bhíonn ag imeachtaí domhanda ar neodracht na hÉireann. Fiosróidh Kevin Magee, iriseoir cumusach, a bhfuil i gceist i ndáiríre le neodracht na hÉireann san am i láthair agus ar dóichí go n-athróidh neodracht na hÉireann, agus más amhlaidh an cás, an bhfuil an tír seo ábalta í féin a chosaint sa ré úr seo?

Cé go bhfuil Éire fanta ina tír neodrach, labhróidh iar-chomhalta in Óglaigh na hÉireann faoin gcaoi a raibh sé ar dualgas taobh le hoifigigh NATO san Afganastáin le linn chogadh Mheiriceá.

Dúirt an tIar-Leifteanantchoirnéal Michael Murphy: “Bhí mé i m’óglach a bhí le cur thar lear. Socraíonn an Ceanncheathrú ansin cé a bheidh ag dul ar cén misean ar fud an domhain agus roghnaíodh go gcuirfí mise go dtí an Afganastáin. Bhí seachtar againn ag fónamh san Afganastáin ... Ní dhéarfainn go raibh muid ag troid ... Bhí muid sa gCeanncheathrú, ag cuidiú ar leibhéal na ceanncheathrún.”

Cuirfear Yuriy Filatov, Ambasadóir na Rúise chun na hÉireann, faoi agallamh sa chlár chomh maith. DúirtAmbasadóir Filatov nach bhfuil Éire neodrach ina thuairim féin: “Anois, san am i láthair, níl Éire neodrach - i gcomhthéacs na coimhlinte san Úcráin. Is í sin an fhírinne agus tá a fhios againn é sin. I dtéarmaí polaitíochta, tá rialtas na hÉireann ag dul níos mó agus níos mó i dtreo an róil rannpháirtíocht dhíreach a bheith aige sa choimhlint, agus bheadh tionchar aige sin cinnte ar ár gcinntí polaitiúla.” 

Craolfar Iniúchadh TG4 - Éire Neodrach? Dé Céadaoin an 19 Iúil ag 9.30pm ar TG4 agus ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice