€6m i maoiniú fógartha faoin gClár Infheistíochta i mBonneagair Oidhreachta Gailf


An tAire Patrick O’Donovan agus an tAire Charlie McConalogue tar éis infheistíocht €6 milliún i saoráidí gailf a sheoladh
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin, infheistíocht €6 milliún faoin gClár Infheistíochta Bonneagair Oidhreachta Gailf 2026–2030.
Faoin sainchlár nua maoinithe caipitil seo, tacófar le roinnt tionscadail bonneagair gailf d'fhonn cur leis an mborradh buan faoin rannpháirtíocht a eascróidh as infheistíocht an Stáit i sraith mórimeachtaí gailf idirnáisiúnta, lena n-áirítear Corn Ryder na bliana seo chugainn in Áth Dara, Co. Luimnigh.
Cuirfidh an infheistíocht seo le rath na gclár rannpháirtíochta atá á maoiniú ag Spórt Éireann agus á reáchtáil ag Galf Éireann cheana féin, trí shaoráidí gailf ísealchostais a bheidh ar oscailt don phobal a fhorbairt, amhail plásóga amasaithe, plásóga smiota, limistéir chleachtaidh agus gearrchúrsaí.
Cuirfear fáilte roimh iarratas ar mhaoiniú faoin gclár gach bliain, agus tá tús le cur leis an gcéad bhabhta an 17 Lúnasa 2026. Is é Dé hAoine, an 25 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Táthar ag súil leis go mbronnfar maoiniú idir €100,000 agus €300,000 faoi chomhair tionscadail ar leith.
Tá tuilleadh eolais faoin gclár agus faoin bpróiseas déanta iarratais ar fáil ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, ar an láithreán gréasáin gov.ie/golflegacy nó tríd an ríomhphost ag [email protected].
Beidh Galf Éireann ag óstáil seimineáir ghréasáin le linn na tréimhse iarratais agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo go díreach ag [email protected] le treoir a fháil maidir le cibé acu a bheadh tionscadal oiriúnach nó nach mbeadh.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire O’Donovan le déanaí: “Tháinig an Clár Infheistíochta Bonneagair um Oidhreacht Ghailf as plé fairsing idir mo Roinn, Galf Éireann agus Spórt Éireann, agus cinnteoidh sé go mbainfear tairbhe rannpháirtíochta fhadtéarmach as an infheistíocht atá á déanamh ag an Stát i mórimeachtaí gailf idirnáisiúnta. Tá Corn Ryder i Mainéar Áth Dara an bhliain seo chugainn geallta le bheith ar an imeacht spóirt is mó riamh sa tír agus táimid ag iarraidh a chinntiú go rachaidh an t-imeacht chun tairbhe don chluiche as seo go ceann i bhfad. Tacóidh an clár seo le fás an ghailf, is cuma cén cineál, fud fad na tíre.”
Arsa an tAire Stáit le freagracht as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue : “Mar Rialtas, táimid meáite ar rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil sa spórt agus sa ghníomhaíocht coirp a chur chun cinn ionas gur féidir le cách leas a bhaint as stíl mhaireachtála níos sláintiúla. Príomhthoisc a mheallann tuilleadh daoine, ó gach aicme den tsochaí, chun páirt a ghlacadh sa spórt is ea saoráidí spóirt a bheith ar fáil agus rochtain éasca a bheith orthu, bíodh sin i gclub nó i bpobal, ar thailte poiblí nó i limistéir thaitneamhachta eile. Sin é an fáth a bhfuil áthas ar leith orm a fheiceáil go gcuirfidh an clár seo deireadh le bacainní ar rannpháirtíocht sa ghalf, trí dhul amach chuig dreamanna den phobal nach mbíonn ag imirt gailf go hiondúil, agus rochtain chomhionann do mhná agus d'fhir á cur chun cinn aige ag an am céanna.”
Arsa POF Ghalf Éireann, Mark Kennelly: “Tá an galf ag fás i gcónaí in Éirinn, agus is léiriú í an infheistíocht seo ar an dúthracht atá á caitheamh againn lena chinntiú go bhfanfaidh sé idir ionchuimsitheach agus inbhuanaithe. Tríd an gClár Infheistíochta Bonneagair um Oidhreacht Ghailf, táimid ag cruthú a thuilleadh deiseanna do dhaoine blaiseadh a fháil den chluiche, agus ag tacú le clubanna agus pobail saoráidí a fhorbairt do bhaill agus neamhbhaill araon. Nuair a thuigtear gurb ionann mórimeachtaí gailf agus ardán ar ar féidir daoine nua a spreagadh agus a mhealladh isteach sa spórt, is aidhm leis an infheistíocht seo conairí chun an ghailf a thógáil agus bonn láidir a chur faoi don am atá le teacht.”