Urghabhadh na Coimisinéirí Ioncaim contrabhanna ag calafort agus aerfoirt ar fud na tíre

Gabháil toitíní i gCalafort Bhaile Átha Cliathplaceholder image
Gabháil toitíní i gCalafort Bhaile Átha Cliath

GABHADH raon earraí mídhleathacha ar fud na tíre ón tseachtain seo caite.

Dé Céadaoin seo caite, mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, urghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 752,000 toitín ag Calafort Bhaile Átha Cliath.

Tá luach miondíola measta de thart ar €594,000 ar na toitíní, rud a léiríonn caillteanas féideartha don Státchiste de bhreis is €465,000.

Thángthas ar na toitíní smuigleáilte, darb ainm ‘Dunhill’ agus ‘Karelia Blue’, a bhí folaithe i mboscaí miotail i gcoinsíneacht a tháinig ón mBulgáir.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Ar leithligh, ar an gCéadaoin seo caite freisin, agus mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí, d’urghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim 4kg de channabas luibhe ag Aerfort na Sionainne le cúnamh ón madra braite Harley.

Thángthas ar na drugaí mídhleathacha, ar luach measta €80,000, in dhá dháileacht ar leith a tháinig ó na Stáit Aontaithe agus bhí siad i ndán do sheoladh i dTiobraid Árann.

Ar deireadh, Dé hAoine seo caite an 12ú, ag Cúirt Dúiche Mhainistir Fhear Maí, bhronn an Breitheamh Joanne Carroll ordú coinneála airgid thirim trí mhí d’oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tharla sé seo tar éis urghabháil an lá sin de €31,000 in airgead tirim agus 6.5kg de ‘rolladh do thobac féin’ ó réadmhaoin chónaithe sa Ráth, Co. Chorcaí.

Rinneadh an fionnachtain nuair a rinne oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim, le cúnamh ón madra braite Obi, cuardach ar an réadmhaoin faoi bharántas.

Bhí an t-airgead tirim comhdhéanta d’ainmníochtaí ó €5 go €500 agus bhí luach miondíola beagnach €5,000 ar an tobac gan stampáil, darb ainm Amber Leaf, rud a léiríonn caillteanas féideartha don Státchiste de bhreis is €3,700.

Ceistíodh bean ina 20idí agus tá fiosrúcháin ar bun.

Tá na hurghabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar smuigleáil.

Má tá aon fhaisnéis ag gnólachtaí, nó ag daoine den phobal, faoi smuigleáil, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir theileafóin 1800 295 295.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice