Údárais na hIodaile ar lorg turasóra a d’fhág graifítí ar bhalla an Colosseum


Tá údaráis na hIodáile ar lorg turasóra a d’fhág graifítí ar bhalla an Colosseum. Ceapadh an turasóir i bhfíseán, a seoladh ar na meáin shóisialta Dé Sathairn. Scríobh sé a ainm agus ainm a chailín le heochair ar bhalla inmheánach an amfaitéatair. Séard a scríobh sé nó "Ivan + Hayley 23."
I ráiteas a eisíodh ar na mallaibh, cháin an tAire Gennaro Sangiuliano an gníomh ag rá gur ceann de na háiteanna is cáiliúla ar an domhan é an colosseium agus gur gníomh an-tromchúiseach é.
"Tá súil agam go n-aithneofar agus go gcuirfear pionós ar an té a rinne é seo de réir ár ndlíthe," a dúirt sé.
De réir gníomhaireacht nuachta ANSA, tá na póilíní Carabinieri i mbun fiosrúchan. Tá baol ann go ngearrfar fíneáil €15,000 ar a laghad agus pianbhreith príosúin suas le cúig bliana ar an bhfear a rinne an graifítí a ghearradh ar an balla.
Tógtha 2,000 bliain ó shin, ba é an Colosseum an t-amfaitéatar is mó san Impireacht Rómhánach agus úsáideadh é chun troideanna gladiator a chuir ar siúl. San lá atá ann inniu, tá mhór-ratháirt ar ó thaobh turasóirí san Iodáil.