Túsáite a thabhairt d'fhéile Bhród i mBaile Átha Cliath

New An Post stampplaceholder image
New An Post stamp

Beidh an clár ó Raidió na Gaeltachta a chraoladh beo

Tá sé scór go leith bliain ó rinneadh díchoiriúlú ar an homaighnéasacht in Éirinn agus leis an lá a cheiliúradh beidh foireann Tús Áite ag craoladh beo ón tabhairne Street 66 i gcroílár Bhaile Átha Cliath d'fhéile Bród.   

Cloisfear ó dhaoine aeracha gur cuimhin leo an streachailt a bhain leis an bhfeachtas díchoiriúlaithe, agus beidh súil siar ar an gcinneadh stairiúil sin a ghlac an tAire Dlí Máire Geoghegan-Quinn.  

Pléifear cuid de na dúshláin atá le sárú go fóill ag an bpobal aiteach agus díreofar ar ionsaithe hómafóbacha a tharlaíonn fud fad na tíre.  

Anuas ar sin, beidh baill an chomhghrúpa Aerach Aiteach Gaelach ag caint leis an láithreoir cumusach Fachtna Ó Drisceoil faoin obair chruthaíodh a bhíonn ar siúl acu le ceiliúradh a dhéanamh ar an aiteachas inár dteanga féin. 

Beidh an clár a chraoladh beo Dé Ceadaoine, Meitheamh 21 ar a 5 a chlog. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice