Tús curtha le comhairliúchán poiblí do dhaoine a chónaíonn i limistéar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste

Béal Feirsteplaceholder image
Béal Feirste

Tá tús curtha le comhairliúchán poiblí do dhaoine a chónaíonn i limistéar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste le haiseolas a fháil uathu ar Dhréacht-Phlean Gníomhaíochta Straitéis Teanga na Comhairle.

Is creat é an doiciméad faoina bhfuil beartaithe ag an Chomhairle le héagsúlacht teanga na cathrach a chur chun cinn, a chosaint agus a fheabhsú agus a chinntiú go gcuirtear fáilte roimh gach duine go Béal Feirste agus an chathair ag fás agus an pobal ag éirí níos éagsúla. 

Is iad na cúig shnáithe i Straitéis Teanga na comhairle, a fuair tacaíocht traspháirtí, an Ghaeilge, an Ultais, an teanga chomharthaíochta (Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann araon), cumarsáid leo siúd atá faoi mhíchumas agus pobail mhionlaigh eitneacha.

Forbraíodh an plean gníomhaíochta ina leagtar amach réimse de thosaíochtaí láithreacha agus fadtéarmacha, i ndiaidh ionchur ó pháirtithe leasmhara, idir inmheánach agus sheachtrach, lena n-áirítear Fóram Pháirtithe Leasmhara Gaeilge Fóram Pháirtithe Leasmhara Ultaise, Fóram na nImirceach agus Fóram Theanga Comharthaíochta na Comhairle.

Is féidir teacht ar an chomhairliúchán phoiblí trí ardán Your Say Belfast ag https://yoursay.belfastcity. gov.uk agus beidh sé oscailte ar feadh 14 seachtaine, ag druid ar an 22 Eanáir, 2024

Tá dhá sheisiún eolais ar líne eagraithe fosta agus beidh siad ar siúl Dé Luain 27 Samhain agus Dé Céadaoin 29 Samhain (idir 7pm-9pm). Le clárú, téigh chuig https://yoursay.belfastcity. gov.uk/

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice