Turas saor in aisce ar Inis Eoghain a reachtáil ag rannóg na Gaeilge


Beifear ag tabhairt cuairt ar áiteanna suimiúila
Tá turas bus go ceantar Inis Eoghain á reáchtáil ag Rannóg na Gaeilge Comhairleach Contae Dhún na nGall ar an Satharn, Meán Fómhair 2.
Cuairt ar láithreacha mórspéise na hinse a bheas anseo.
Tá an turas saor in aisce ach amháin lón. Beidh treoraí áitiúil ar an bhus ar feadh an lae. Beifear ag tabhairt cuairt ar Láthair Amhairc Amazing Grace, Ceann an Dúin Riabhaigh, An Mám Mór agus Sráidbhaile an Ghórta Mhóir.
Má tá suim ag duine ar bith a bheith leo, déan teagmháil leo ar 087 9670985 nó 087 222 3468.