Turas na dtíthe oidhreachta i nGaeltacht Thír Chonaill

placeholder image

Teach Mhicí Mhic Gabhann, Teach Mhuiris agus Teach Níall Ó Dónaill

Táthar ag éagrú turas na dtíthe oidhreachta fá cheantar Thír Chonnaill i láthair na huaire. Déanfar cuairt a thabhairt ar thrí theach sa cheantar atá stair, cultúr agus oidhreacht ag baint leo. 

Beidh deis ag daoine, ar Aibreán 29, cuairt a thabhairt ar Theach Mhicí Mhic Gabhann i dtús báire an áit a bheas deis ag daoine éisteacht le píosa beag staire fá Mhicí agus a theach. Beidh píosa ceoil ar an láthair agus leanfar seo le taispeántas ceardaíochta. 

Beidh soláistí ar fáil. Tugtar aghaidh ar Theach Mhuiris i mBun na Leaca ag 12.45in agus is anseo a bheas deis ag daoine foghlaim faoi shean dóigheanna an cheantar.

Ar a 2in, tugtar aghaidh ar Loch an Iúir agus ar theach Níall Ó Dónaill - an áit a bheas deis ag daoine foghlaim faoi shaol an fear iomráiteach, Níall Ó Dónaill. Cuirfear lón ar fáil sula bpilleann daoine ar Dhoire Chonaire. 

Beidh luach €20 ar an lae. Chun suiochán a chur san oiriúint don lá, cur teachtaireacht ag lucht Ionad Mhachaire Rabhartaigh ar a leathanach Facebook nó cur glaoch ar 083 076 9242. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice