Tuigtear gur labhraíodh Gaeilge don chéad uair sa Teach Bán inniu

placeholder image

Labhair an Taoiseach Leo Varadkar Gaeilge leis an Uachtarán Joe Biden sa Teach Bán

Is i nGaeilge a labhair an Taoiseach Leo Varadkar leis an Uachtarán Joe Biden níos luaithe inniu agus é ag gabhadh buíochas leis as ucht an tacaíocht a léirigh sé do mhuintir na hÚcráine agus an chuidiú a thug sé i dtaca le Brexit de. 

Dúirt an Taoiseach go raibh muintir na hÉireann ag súil go mór leis an Uachtarán cuairt a thabhairt ar Éirinn amach anseo.

Dúirt Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden, go raibh cairdeas ariamh idir Éirinn agus Meiriceá. 

I bhfocail an file WB Yeats, dúirt sé: "Think where man's glory most begins and ends, and say my glory was I had such friends.”

Níor tugadh aon sonraí maidir le cá háit a mbeadh an uachtarán ag tabhairt cuairt ar nuair a thiocfas sé chun na tíre. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice