Tugann Picture This ard mholadh do Mheánscoil Laurel Hill FCJ i Luimneach

Rinne na scolairí leagan iontach i nGaeilge do On My Love a thaifead ar-líne

Fuair meánscoil Luimnigh moladh ó Picture This as leagan cruthaitheach a n-amhrán On My Love.

D’eisigh Meánscoil Laurel Hill FCJ i Luimneach an leagan chun deireadh a chur le Seachtain na Gaeilge. 

Tamall gairid ina dhiaidh sin, roinn leathanach oifigiúil an bhanna a saothar ar Facebook leis an bhfotheideal, "tá sé seo dochreidte."

Le cabhair ó roinn ceoil agus Gaeilge na scoile, chuir na scoláirí físeán dá gclúdach Gaeilge ar YouTube. Taispeánann an físeán halla éisteachta lán de mhic léinn ag ceol a leagan féin den amhrán. Agus iad ag caitheamh a n-éide scoile, chan siad a go hard na spéire agus iad ag seinm uirlisí ar nós drumaí, giotár leictreach, dord agus veidhlíní, in éineacht le múinteoir ar an méarchlár.

Ní hé seo a iarracht ar pop cheol do Sheachtain na Gaeilge, tá leaganacha Gaeilge eile déanta ag cór na scoile ar amhráin mhóréilimh, ar nós Zombie le The Cranberries, agus Shallow le Lady Gaga agus Bradley Cooper.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice