Tugann Aodhán Ó Baoill agus Niamh Ní Dhubhgáin turas ar cheathrúna Bhéal Feirste


Sa tsraith nua seo, ar Raidió na Gaeltachta, tugann Aodhán Ó Baoill agus Niamh Ní Dhubhgáin turas ar cheathrúna Bhéal Feirste ag fiosrú faoi cad é atá éagsúil ó cheathrú go ceathrú.
Tá ocht gceathrú sa chathair san iomlán agus tabharfaidh siad cuairt ar gach ceann acu sa tsraith seo. Caitheann siad seal i gCeathrú Gaeltachta Bhéal Feirste in iarthar na cathrach.
Labhrann siad le Jake Mac Siacais faoi cad é mar a tharla sé go ndearnadh Ceathrú Gaeltachta den áit. Labhairann siad faoin nasc atá ag Séamus Ó Conghaile le Bóthar na bhFál, agus buaileann siad le Seán Mac Seáin atá ag obair ar son na teanga i mBéal Feirste le blianta fada.
Críochnaíonn siad a dturas i gColáiste Feirste, an chéad iar-bhunscoil lán-Ghaeilge sna Sé Chontae. Is léiriú de chuid Clean Slate é Ocht gCeathrú do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Gaeilge le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.
Beidh an clár ar siúl ar Dé Céadaoin 12 Iúil ar 2.05in.