Tugann an tUachtarán ómós don fhidléir cáiliúil Sean Keane


Tá an tUachtarán Michael D Higgins i ndiaidh ómós a thabhairt don fhidléir thraidisiúnta cáiliúil Sean Keane i ndiaidh a bháis ag 76 bliain d’aois.
Dúirt Cartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann go raibh an tUasal Keane ina “bhall ríthábhachtach de The Chieftains” agus “ar dhuine de na léiritheoirí is fearr riamh ar cheol traidisiúnta na hÉireann”.
Dúirt an tUasal Higgins: "Is cúis bhróin é go mbeidh cloiste ag lucht an cheoil agus na n-ealaíon traidisiúnta in Éirinn ar fud an domhain faoi bhás Sheáin Keane.
"Thug tallann dochreidte Sheáin mar fidléir an oiread sin lúcháir ar an oiread sin daoine agus bhain lucht féachana ar fud an domhain sult agus meas as.
"Bhí a cháiliúlacht agus a scil uathúil agus bhí tionchar aige ar an oiread sin ceoltóirí ar fud na n-ealaíon traidisiúnta. Go deimhin, tá cur síos ar Sheán mar ‘cheoltóir an cheoltóra’.
"Beidh a oidhreacht fhlaithiúil don cheol traidisiúnta agus do na healaíona i gcuimhne do na glúnta atá le teacht.
"Tá muid faoi chomaoin ag Cartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann a choinníonn an oiread sin de thaifeadtaí Sheáin agus a chinnteoidh go mairfidh an oidhreacht seo agus go mbainfear sult as i gcaitheamh na mblianta.
"Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a ghabháil lena chlann, Paraic, Deirdre agus Darach agus a clainne, lena chlann sínte, lena chairde sna Chieftains agus lena chiorcal leathan cairde agus comhghleacaithe ceoil."