Tugann an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh cuairt Máire Dinny Wren

placeholder image

Údar agus file is í Máire Dinny Wren a bhfuil go leor comórtaisí bainte aici i saol na scríbhneoireachta

Scrúdaítear an nasc idir ealaíontóir agus áit sa chlár taistil seo leis an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh. 

Is í an file agus údar Máire Dinny Wren a bheas mar aoí ag Ailbhe sa tsraith seo. Casann Ailbhe le Máire Dinny Wren taobh amuigh de Theach Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair. 

Tugann siad sciuird ar cheantar Ghaoth Dobhair síos cúlbhóithre, thar aibhneacha, agus cois trá go Bád Eddie, ceantar a bhfuil croí agus anam Mháire go hiomlán ann.  Insíonn sí scéalta faoina hóige ansin, agus léann sé dánta dúinn a dhéanann cur síos ar nádúr, ceol, agus craic na háite. 

Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán. Beidh an clár seo ar siúl Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair ag an 2.05 tráthnóna. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice