Tugann an daonáireamh léargas suimiúil ar saol na hÉireann

placeholder image

Léiríonn figiúirí ón daonáirimh is déanaí gurbh é Droichead Átha, Contae Lú an baile leis an daonra is mó sa Stát, le 44,135 duine ann an oíche a rinneadh an suirbhé.

Ina dhiaidh sin tháinig Dún Dealgan, agus Sord, Co. Átha Cliath sa tríú háit ar an liosta.

Léiríonn sonraí ón Daonáireamh go bhfuil daonra níos mó ná 10,000 ag 49 baile ar fud na tíre anois.

Is é Inis, Contae an Chláir le daonra de 27,923 an baile is mó i gCúige Mumhan.

Tá Leitir Ceanainn, i gContae Dhún na nGall an baile is mó i gCúige Uladh agus is é Sligeach an baile is mó i gCúige Chonnacht, le breis agus 20,000 duine ina gcónaí ann.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice