Trúir intéirneach ag plé go sonrach le craoltóireacht na Gaeilge in RTÉ


Beidh na hintéirnigh ag déanamh cúrsa 3 seachtainí mar mheitheal foghlamtha i gceann-áras RTÉ i nDomhnach Broc
Is údar bróid d’Údarás na Gaeltachta go bhfuil triúr as 15 duine atá rannpháirteach i gclár nua intéirneachta RTÉ ag plé go sonrach le craoltóireacht na Gaeilge, beirt acu siúd le craoltóireacht sa nGaeltacht.
An tseachtain seo a cuireadh tús leis an gclár intéirneachta do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair le raidió nó le teilifís sna réimsí éagsúla in RTÉ, ina measc, cúrsaí léirithe, raidió, TV, ar-líne, cúrsaí teicniúla, riaracháin agus eile. Ta Údarás na Gaeltachta ríméadach go bhfuil an tacaíocht atá siad a chur ar fáil don chlár intéirneachta ag cinntiú go bhfuil dlús breise leis an gcuid sin den chlár oiliúna atá dírithe ar an nGaeilge.
Mar cheann de na ghnéithe is suntasaí a bhaineann leis an gclár oiliúna, beidh na hintéirnigh ag déanamh cúrsa 3 seachtainí mar mheitheal foghlamtha i gceann-áras RTÉ i nDomhnach Broc. I rith an ama sin, beidh siad ag cur lena dtaithí, ag foilsiú ábhair ar ardáin éagsúla fuaime, físe agus scríofa, ag obair mar chuid de na meithleacha oibre agus ag cur leis an ngréasán atá acu. Beidh siad ansin ag dul ag obair ar feadh tréimhse in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Nuacht RTÉ i gCasla, Baile na hAbhann agus na Doirí Beaga.


Dúirt Kevin Burns, ceannasaí RTÉ Learn:"Tá an-áthas ar RTÉ faoin bpáirtnéireacht seo leis an Údarás mar go dtugann a thacaíocht deis dúinn cur le líon ár n-intéirneach i mbliana, agus triúr dóibh ag obair i gCláracha Gaeilge, RTE Raidió na Gaeltachta agus Nuacht RTÉ/TG4.
"Caithfidh an triúr intéirn seo seal ag obair sa Ghaeltacht tar éis dóibh a trí seachtainí traenála a chríochnú i nDomhnach Broc. Tá súil againn go gcáithfidh siad sé mhí spreagúla linn agus táimid ag súil go mór le cuidiú leo taitneamh agus tairbhe a bhaint as an deis oibre agus foghlama iontach seo".