Tréaslaíonn Aengus Ó Snodaigh TD le TG4 de bharr a gcuid oibre

Ghui Ó Snodaigh gach rath ar cainéil nua Cúla4 agus TG4+1
Ghuí Aengus Ó Snodaigh TD, urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin gach rath ar chainéil nua Cúla4 agus TG4+1 agus ghabh sé comhghairdeas thar cheann a pháirtí le TG4 as an éacht atá bainte amach acu.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:"Léiríonn TG4 arís agus arís eile gur féidir éacht i ndiaidh éacht a bhaint amach ar bheagán maoiniú i gcomparáid le RTÉ nó fiú a mhacasamhal sa Bhreatain Bheag, S4C. Ar lámh amháin, tá ceacht le foghlaim ag RTÉ ón deá-shampla seo, ach ar an lámh eile caithfear a shamhlú cad a bheadh TG4 in ann a dhéanamh dá mbeadh cothrom na Féinne taispeánta dóibh sa bhuiséad?
Dúirt sé go bhfuil Sinn Féin ar bís go mbeidh cainéal iomlán teilifíse ar fáil don aos óg amháin trí mheán na Gaeilge: "Cabhróidh sé seo go mór le teaghlaigh atá ag iarraidh clainne a thógáil trí Ghaeilge, le scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta, chomh maith leis an dream óg iad féin a bhainfidh taitneamh agus tairbhe as na cláracha suimiúla, spreagúla, cruthaitheacha."
Dúirt sé go gcuirfidh TG4+1 go mór leis na deiseanna atá ag daoine teacht ar na sárshaothair atá á craoladh ag craoltóir náisiúnta na Gaeilge, idir scannáin, cláir faisnéise, cláir spóirt agus cúrsaí reatha.
“Tréaslaím le foireann go léir TG4 as na cainéil seo a sheachadadh. Tá ardchaighdeán craoltóireachta TG4 aitheanta go forleathan, a dúirt sé.
“Ré nua atá ann don Ghaeilge ar an teilifís agus don aos óg. Ba chóir don rialtas an deis seo a thapadh chun borradh a chur le húsáid na Gaeilge sna meáin – táimid fós ag fanacht ar stáisiún raidió náisiúnta don dream óg mar shampla, mar atá geallta le fada, agus tá an teanga anois san iomaíocht ar ardáin nua craoltóireachta san fhís-sruthú agus ar líne.
“Impím ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin an maoiniú cuí a chinntiú do TG4 ionas go mbeidh siad in ann a’ mhéid agus is féidir a dhéanamh leis na stáisiúin nua seo agus freastal ar lucht labhartha agus lucht foghlama na Gaeilge agus ar mhuintir na Gaeltachta uile," a dúirt sé.