Tragóid agus fear sna 60idí báite amach ó chósta Dhún na nGall


TÁ SÉ deimhnithe ag an nGarda Síochána go bhfuil fear atá sna 60idí déanacha báite amach ó chósta Dhún na nGall.
“Cuireadh foláireamh ar na Gardaí, ar an nGarda Cósta agus ar na seirbhísí éigeandála go gairid tar éis 5in Déardaoin tar éis do dhuine a bheith breathnaithe san uisce amach ó Bruckless,” a dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána.
“Aistríodh as an uisce é agus tugadh go dtí an ché áit a ndeachaigh sé faoi chóireáil leighis ach fógraíodh go bhfuair sé bás tamall gairid ina dhiaidh sin.
Tá corp an duine nach maireann, fear áitiúil aistrithe ó shin go dtí an marbhlann in Otharlann Leitir Ceanainn áit a ndéanfar scrúdú iarbháis."
Deir Gardaí go n-ullmhófar comhad don chróinéir. Níltear in amhras faoi imirt bhréige.