Tá sé ráite ag Coimisinéir na nGardaí go bhfuil sé sásta idirbheartaíocht a dhéanamh le cumainn ionadaíocha An Gharda Síochána chun aighneas faoi uainchlár a réiteach.
I ráiteas, dúirt Drew Harris nach bhfuil aon réamhchoinníollacha curtha i bhfeidhm aige roimh chainteanna agus go bhfuil sé sásta comhréiteach a dhéanamh chun teacht ar chomhaontú.
Dúirt an Coimisinéir Harris gurb é Uainchlár Westmanstown, mar a thugtar air, an t-aon uainchlár comhaontaithe agus go raibh fógra trí mhí tugtha aige go dtabharfaí isteach arís é i mí na Samhna.
Dúirt sé gur chas sé leis na cumainn ceithre huaire le seachtain anuas agus go bhfuil sé le bualadh leo ina aonar arís an tseachtain seo chugainn.
Theip ar thrí scór cruinniú le trí bliana an cheist a réiteach, a dúirt an coimisinéir, ach dúirt sé go bhfuil bainistíocht an Gharda Síochána sásta dhul i mbun dianchainteanna.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.