Tradfest arais arís i mBaile Átha Cliath le scoth an cheoil

Beidh bailiúchán ollmhór do cheoiltóirí traidisiúnta ag teacht le chéile i mBaile Átha Cliath arís i mbliana le linn mhí Eanair, 2024.
Beidh ceolchoirmeacha ar siúl ar fud Bhaile Átha Cliath ó lár na cathrach go caisleáin agus i gceantair stairiúil na háite chomh maith.
Beidh scoth na tallainne ceoil curtha ar fáil idir óg agus ceoltoirí ata fadbhuanaithe. Is ceiliúradh deas é TradFest agus tugann sé ardán iontach don cheoil.
Tá an clár iomlán ar fáil ag tradfest.com áit ar féidir leat ticéid a cheannach freisin.
I measc na laochra a bheas i lár stáitse ar an bhliain seo chugainn beidh Altan - banna ceoil as Gaoth Dobhair. Beidh a gceolchoirm ar siúl sa Pepper Canister ar 7.30pm, Eanair 26.