Tógadh 34 duine de bharr eachtraí na hoíche aréir i mBaile Átha Cliath


Dódh bus, dódh carr na ngardaí, rinneadh ionsaí ar ghardaí, briseadh isteach i siopaí agus rinneadh go leor, leor, damáiste i lár na cathrach aréir
Rinneadh ionsaí ar ghardaí, dódh bus agus tram agus rinneadh go leor damáiste fá chathair Bhaile Átha Cliath aréir nuair a tháinig na sluaite amach i ndiaidh eachtra inar gortaíeadh daoine - trúir páiste ina measc - congarach do Chearnóg Pharnell tráthnóna inné.
Meastar gur ionsaí scine a tharla. Tá fear a bhfuil amhras faoi a choinneáil ag na gardaí.
Tá garda go dona tinn de bharr eachtraí na hoíche aréir. Bhris daoine isteach i siopaí agus cuireadh bus agus tram tré thine. Rinneadh carr de chuid na ngardaí a dhódh chomh maith.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee go mbeidh impleachtaí leis an mhéid a tharla aréir.
Chain an Taoiseach Leo Varadkar an méid a tharlaigh aréir chomh maith. Dúirt sé go ndéanfar an méid agus is féidir le pionós a ghearradh orthu seo a ba chúis le na heachtraí.
Thacaigh sé leis an tAire Dlí agus Cirt agus le Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris.