Tiomsaíonn Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe €19,000 ar son na carthanachta

Susan Costello (Galway Rape Crisis Centre), Barry Ó Siochrú, Imogen O’Flaherty Falconer, Sai Gujulla & Joe Mee (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe) agus Carol Hynes (Simon Community)placeholder image
Susan Costello (Galway Rape Crisis Centre), Barry Ó Siochrú, Imogen O’Flaherty Falconer, Sai Gujulla & Joe Mee (Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe) agus Carol Hynes (Simon Community)

BHRONN Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe airgead a bailíodh le bliain anuas ar Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus ar Chlann Shíomóin na Gaillimhe.

Bailíodh €19,000 san iomlán don dá charthanas ag imeachtaí carthanachta ar leith a bhí ar siúl le linn na bliana. I measc na n-imeachtaí a reáchtáladh le linn na bliana bhí Crannchur Ollmhór na Nollag, Comórtas Draig, Biongó Gnéasbhréagán, Take Me Out ar son carthanachta, Oíche Taylor Swift agus Bróinse Lá na gCairde Ban.

Reáchtáladh bearradh cloigne ar son carthanachta, oícheanta tráth na gceist agus ranganna ióga freisin. Chabhraigh na himeachtaí sin le pobal Ollscoil na Gaillimhe fanacht gníomhach gnóthach, spraoi a bheith acu agus airgead a bhailiú ar son dhá chúis mhaithe ag an am céanna.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sai Gujulla, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: "Bhí an-ghlacadh leis na himeachtaí i mbliana agus chabhraigh siad ar fad linn cur le chéile ar an gcampas. Tá traidisiún na carthanachta go smior i mic léinn Ollscoil na Gaillimhe agus tá gaisce déanta acu arís i mbliana."

Dúirt Leas-Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn/an tOifigeach Oideachais, Joe Mee: "Cé gur bhliain acadúil strusmhar a bhí ann mar gheall ar ghéarchéim an chostais maireachtála, is iontach an rud é go ndearna mic léinn Ollscoil na Gaillimhe a seacht ndícheall airgead a bhailiú le cabhrú le daoine eile.

"Tá ríméad orainn €19,000 a bhronnadh ar an dá charthanas iontacha seo a thugann cúnamh nach beag do dhaoine in am an ghátair. Is éacht ollmhór é gur éirigh leo siúd a bhí páirteach an méid sin airgid a thiomsú."

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice