Tiarnaí talún ag tairiscint cíos laghdaithe ar son garanna gnéasúila

placeholder image

Ruhama go mór in aghaidh tiarnaí talún atá ag baint mí-úsáid sa daoine leochaileacha

Caithfear dhul i ngleic le tiarnaí talún atá ag cur cíos laghdaithe ar fáil do dhaoine a bheas gnéas acu leo, a dúirt Ruhama inniu. 

Léirigh clár Primetime aréir go raibh tiarnaí talún sásta cíos laghdaithe a thabhairt do dhaoine atá toilteanach gnéas a bheith acu leo nó garranna gnéas a dhéanamh diofa. 

Níl an t-idirbheartaíocht seo in aghaidh an dlí sa tír seo, go foill. 

Dúirt urlabhraí le Ruhama go raibh daoine ag úsáid an ghéarchéim títhíochta sa tír seo le húsáid a bhaint as daoine, mná ar an bhformhór.  

Dúirt siad gur na daoine atá ag streacháilt agus iad seo atá leochaileach is mó atá thíos leis an fhadhb seo. 

Tá sé in aghaidh an dlí gnéás a cheannacht in Éirinn.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice