Thángthas ar níos mó ná 100 cnámharlach thar míle blian d'aois i mBaile Átha Cliath

Traffic to be banned from major Dublin street this weekplaceholder image
Traffic to be banned from major Dublin street this week

Tuigtear go bhfuil na cnámharlaigh thart ar 1000 bliain d'aois

Thángthas ar níos mó ná 100 cnámharlach, thart ar 1,000 bliain d’aois, ar shuíomh in aice le Sráid Capel i lár chathair Bhaile Átha Cliath le linn tochailtí seandálaíochta d’fhorbairt óstáin ar na mallaibh.

Thángthar ar an taisce le linn do seandálaithe a bheith ag obair ar shuíomh an Bullitt Hotel, atá le tógáil idir Sráid na Mainistreach agus Lána Mhuire.

Léiríonn an taisce go raibh séipéal Críostaí ann roimh bhunú Mhainistir Mhuire, a measadh roimhe seo a bheith ar an iar-eaglais is luaithe san taobh seo don chathair. 

Tá an t-óstán, ar fuair an grúpa óstán Beannchor ó Thuaisceart Éireann cead dó dhá bhliain ó shin, á thógáil laistigh de mhonarcha bácála agus brioscaí Victeoiriach Boland, a bhfuil go leor dá le feiceáil go foill. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice