TG4 ag ceiliúradh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024 i gCorcaigh

placeholder image

Máire Ní Bhraonáin agus Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh na cláir i láthair agus beidh Mac Dara Mac Donncha, Brian Tyers agus Dáithí de Mórdha ina dteannta

Beidh TG4 i gcroílár Chomórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo agus beidh na comórtais ar siúl i gCorcaigh idir an 31 Bealtaine agus an 3 Meitheamh agus is é Cumann CLG Chill na Martra a bheidh á reáchtáil i mbliana.

Craolfar go leor de na cluichí ar ardáin TG4, ina measc cainéal YouTube Spórt TG4 mar aon le hiad a chraoladh beo ar an teilifís ar TG4. Anuas air sin, beidh na cluichí ar fáil le féachaint orthu ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4.

Máire Ní Bhraonáin agus Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh na cláir i láthair agus beidh Mac Dara Mac Donncha, Brian Tyers agus Dáithí de Mórdha ina dteannta agus iad i mbun tráchtaireachta ar an gcomórtas bliantúil peile. Beidh roinnt de shárlaochra an Chomórtais Peile i measc an lucht anailíse.  

Ina measc Aodán Mac Gearailt Chiarraí (An Ghaeltacht), Seán Óg de Paor na Gaillimhe (An Cheathrú Rua), Kevin Cassidy  (Gaoth Dobhair) agus Emer Ní Ghallchóir (An Tearmann) Dhún na nGall, mar aon le Rhóna Ní Bhuachalla (Béal Átha an Ghaorthaidh) Chorcaí. 

Cuirfear tús leis an gclúdach Dé Sathairn an 1 Meitheamh. Taispeánfar cúig chluiche ar chainéal YouTube Spórt TG4 ón 11:15rn.

Taispeánfar trí chluiche eile ar YouTube Dé Domhnaigh an 2 Meitheamh ón 11:45rn sula gcuirfear tús leis an gclúdach ar Chainéal Teilifíse, Aip agus Seinnteoir TG4 ag 5:45in ar dá Chluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear. Taispeánfar na ceithre Chluiche Ceannais Dé Luain an Lá Saoire Bainc an 3

Meitheamh. Taispeánfar Cluiche Ceannais Sinsear na mBan beo ar TG4 ag 12 meán lae mar aon le Cluichí Ceannais na bhFear ag 2in agus 4in.  

Tá sonraí iomlána na gcluichí thíos:

Dé Sathairn an 1 Meitheamh - Ionad Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

11:15 Sinsear na bhFear - Béal Átha an Ghaorthaidh v Béal an Mhuirthead - YouTube Spórt TG4

1:15 Cluiche Leathcheannais na mBan – Idirmheánach - Naomh Conaill v Naomh Anna Leitir Móir - YouTube Spórt TG4

3:15 Sinsear na bhFear - An Daingean v Naomh Anna Leitir Móir - YouTube Spórt TG4

5:15 Sóisear na bhFear - Buaiteoirí Réamhbhabhta A v Buaiteoirí Réamhbhabhta B - YouTube Spórt TG4

7:15 Sinsear na bhFear - Cill Chartha v Buaiteoirí Béal Átha an Ghaorthaidh / Béal an Mhuirthead - YouTube Spórt TG4

Dé Sathairn an 2 Meitheamh - Ionad Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

11:45  Cluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear - Laochra Locha Lao/Lios Póil v Na Gaeil Óga/An Seanphobal - YouTube Spórt TG4

1:45 Cluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear - Cill na Martra / Naomh Abán / Cill Chomáin / Clann na nGael v Naomh Muire / Carna Caiseal - YouTube Spórt TG4

3:45 Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan - Naomh Abán v Buaiteoirí Naomh Conaill/Naomh Anna Leitir Móir - YouTube Spórt TG4

5:45 Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear - An Rinn / Bhulf Tón v An Daingean / Naomh Anna Leitir Móir TG4 & Seinnteoir TG4  ar fud an domhain / Aip TG4

7:45 Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear - Cill na Martra v Cill Chartha / Béal Átha an Ghaorthaidh / Béal an Mhuirthead - TG4 & Seinnteoir TG4  ar fud an domhain / Aip TG4

An Cailín Gaelach - Beo ar Molscéal  (www.facebook.com/MOLSCEALTG4/)

Dé Luain an 3 Meitheamh - Ionad Páirc Uí Chuana, Cill na Martra

10:00 Cluiche Ceannais Sóisear na mBan - YouTube Spórt TG4

12:00 Cluiche Ceannais Sinsear na mBan - Baile Chlár na Gaillimhe v An Tearmann - TG4 & Seinnteoir TG4  ar fud an domhain / Aip TG4

2:00 Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear -  TG4 & Seinnteoir TG4  ar fud an domhain / Aip TG4

4:00 Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear -  TG4 & Seinnteoir TG4  ar fud an domhain / Aip TG4

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice