Téann ealaíontóirí agus daoine cáiliúla Éireannacha faoi cheilt i seó ealaíne ‘mistéireach’

Ealaíontóir na Sionainne, Dominic McNamara le cuid dá shaothar ealaíneplaceholder image
Ealaíontóir na Sionainne, Dominic McNamara le cuid dá shaothar ealaíne

Thiocfadh leat píosa ealaíon a cheannacht ó Mary Black a cheannacht

Tá a gcroíthe móra léirithe arís ag ealaíontóirí agus daoine cáiliúla in Éirinn agus iad ag glacadh páirte i rud i dtogra Incognito. 

Séard atá i Incognito nó ceant ina ghlacann mór uaisle agus aicme na hÉireann pairt. Déanann siad píosa ealaíon agus dioltar é ar son carthanacht Jack & Jill.

Airítear an finscéal rac Ronnie Wood, Mark Feehily ó Westlife, an t-amhránaí Brian Kennedy, na dearthóirí faisin Don O’Neill agus Paul agus William Costelloe, an t-amhránaí tíre Mary Black, an t-aisteoir Norma Sheahan, agus an ceoltóir Eimear Quinn leis an tógra.

Beidh an seó, Incognito 2023, ar siúl ar líne, Dé Céadaoin, Aibreán 26. Ní bheidh fhios acu seo a cheannaíonn na saothair cé hé an t-ealaíontóir atá taobh thiar den píosa ealaíne is fearr leo go mbeidh an bailiúchán díolta amach, agus go nochtfar na healaíontóirí.

Agus é ina sheachtú bliain anois, tá breis is €860,000 bailithe ag Incognito go dtí seo chun cúram altranais sa bhaile agus tacaíocht faoisimh a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil baint acu le Jack agus Jill, lena n-áirítear naoi dteaghlach a bhfuil cónaí orthu sa Chlár.

Tá lucht Jack agus Jill ag súil go dtabharfaidh cistí 2023 an tsuim iomlán a bailíodh tríd an tionscnamh ealaíne tionchar seo go dtí €1 milliún.

Beidh ealaíontóirí ón mbaile agus thar lear araon ag glacadh páirte, lena n-áirítear ón Ríocht Aontaithe, an Eoraip, SAM, an Astráil agus an Nua-Shéalainn, is saothar bunaidh é gach saothar ealaíne agus níl ach costas €65 air, is cuma cé hé an t-ealaíontóir.

Moltar go láidir do cheannaitheoirí a bhfuil suim acu ann clárú, féachaint ar an mbailiúchán, agus a liosta mianta dá ndeich saothar ealaíne is fearr a chruthú in ord tosaíochta roimh an díolachán, ionas nach gcaillfidh siad an píosa ar bhfearr leo fáil.

Tá bailiúchán Incognito 2023 de bheagnach 3,000 bunphíosa ealaíne ar mhéid cártaí poist, ó bhreis is míle ealaíontóir, ar fáil ar an suíomh. Chun féachaint ar an bailiúchán, nó chun clárú, tabhair cuairt ar www.incognito.ie nó lean ar sóisialta ag www.facebook.com/2023incognito.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice