Teachta ag iarraidh níos mó cosaint dó dhaoine ó chamiléirí


Tá fáilte curtha ag urlabhraí Airgeadas Shinn Féin, an Teachta Pearse Doherty, roimh mholtaí an Choimisiúin Eorpaigh chun cosaintí a fheabhsú in aghaidh an mhéadaithe atá tagtha ar chalaois agus ar chamscéimeanna airgeadais.
Dúirt an Teachta Doherty gur cheart na leasuithe atá molta a chur i bhfeidhm gan mhoill.
Dúirt an Teachta go bhfuil saoránaigh faoi bhagairt ag gníomhaíochtaí coiriúla níos mó nó mar a bhí ariamh agus go bhfuil méadú scanrúil tagtha ar mhinicíocht calaoise agus camscéimeanna ó 2019 i leith.
“Le tamall anuas, mhol mé go dtabharfaí isteach bearta breise le daoine a chosaint níos fearr ó ghníomhaíochtaí coiriúla," a dúirt sé.