Taispeantás The Palestinian Paintings i gCill Chartha

placeholder image

Tá an taispeantás ar mhaithe le síochán a chothú sa cheantar

Tá fáilte curtha ag an Teachta Dála neamhspleách i nDhún na nGall, Thomas Pringle, roimh an  thaispeántas, The Palestinian Paintings, atá déanta ag an phéintéir Giúdach-Iosraelach Zohar.

Osclóidh an taispeántas oíche Mhairt ag an 7 a chlog in Áislann Chill Chartha.

Dúirt an Teachta Pringle gur meabhrúchán cumhachtach é Pictiúir na Palaistíne ar an mbrúidiúlacht laethúil atá muintir na Palaistíne ag fulaingt gach lá faoi Iosrael. 

Dúirt sé gur cheart a bheith glórach faoi an méid atá ag titim amach sa cheantar úd agus séasamh le muintir na Palaistíne. 

Dúirt sé go raibh an taispeántas ar mhaithe le siochán a chothú sa réigiún agus go raibh taithí ag Zohar ar an mhéid a tharla thar na mblianta sa cheantar. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice