Tacaigh le Jessica McKean agus caith do vóta ar-líne


Is í Jessica McKean a dhéanfaidh ionadaíocht d'Éire ag Junior Eurovision 2023
Is í Jessica McKean a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éire ag Junior Eurovision 2023 Dé Domhnaigh an 26 Samhain in Nice, An Fhrainc agus craolfar beo an comórtas ar TG4 ag 3pm.
Beidh 16 tír san iomaíocht ag an imeacht ollmhór seo.
Is é Niall Mooney a scríobh amhrán Jessica ‘Aisling’. Is é Niall freisin a scríobh an t-amhrán ‘It's for You’ do Niamh Kavanagh mar aon le neart amhráin eile a canadh ag an Junior Eurovision.
Is féidir leatsa cuidiú buaiteoir Junior Eurovision Song Contest na bliana seo a roghnú trí vótáil ar-líne ar WWW.JESC.TV Seo mar a oibríonn sé:
Is cuma cá bhfuil tú, ón 7pm Dé hAoine an 24 Samhain go dtí go gcuirfear tús leis an seó beo Dé Domhnaigh an 26 Samhain, beidh tú ábalta do vóta a chaitheamh ar WWW.JESC.TV áit a bhfuil blaiseadh de na hamhráin go léir le fáil freisin.
Tacaigh le Jessica agus caith do vóta ar líne. Seo hí Jessica ag canadh amhrán na hÉireann Aisling anseo.
Is as baile beag Leifir i gContae Dhún na nGall Jessica. Tá sí deich mbliana d’aois agus is í an t-amhránaí is óige riamh í le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn. Ní hé an Junior Eurovision an chéad uair aici ar stáitse mar gur bhuaigh sí comórtas amhránaíochta ag a céad Feis nuair nach raibh sí ach 3 bliana d’aois. Bhí an t-amhránaí óg seo páirteach sa chlár Donncha’s Two Talented ar RTÉ freisin áit ar chas sí I Love You Honey le Patsy Cline agus is iomaí comórtas, corn agus bonn atá buaite ó shin i leith aici.
Tá Jessica ag cleachtadh thall san Fhrainc faoi láthair do bhabhta ceannais an Domhnaigh.