Tá Réaltaí an tSamhraidh ar ais i Leabharlanna Dhún na nGall le haghaidh 2023

placeholder image

Is clár corraitheach é Réaltaí an tSamhraidh atá bunaithe ar léitheoireacht atá ar fáil saor in aisce

d'achan leanbh. Tugaimid spreagadh d'achan leanbh páirt a ghlacadh inár réimse eachtraíochta agus

sna gníomhaíochtaí spraíúla eile le linn an tsamhraidh.

Tugtar cuireadh d'achan leanbh clárú don eachtraíocht léitheoireachta ina leabharlann áitiúil agus

sult a bhaint as go leor leabhar a léamh le linn laethanta saoire an tsamhraidh.

Tabharfar Cárta Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh d'achan rannpháirtí chun a ndul chun cinn a thaifead agus a rianú agus cuirfear stampa dílseachta leabharlainne lena gcárta léitheoireachta ag an leabharlann tar éis dóibh achan leabhar a léamh.

Tabharfar spreagadh do leanaí leanúint ag léamh i gcaitheamh an chláir agus beidh duaiseanna agus dreasachtaí ar fáil lena linn.

Is clár náisiúnta é Réaltaí an tSamhraidh sa chaoi agus fiú má bhíonn tú ar saoire is féidir le leanaí an

deis a thapú bualadh isteach in aon leabharlann in Éirinn agus stampa a fháil ar a gcártaí agus iad a

nuashonrú.

Is féidir sonraí achan leabharlainne a fháil ar shuíomh gréasáin oifigiúil Leabharlann Dhún na nGall.

Beidh imeachtaí ar siúl sa Ghaeilge agus sa Bhéarla sna brainsí ar fud Dhún na nGall i gcaitheamh an

tsamhraidh.

I mbliana tá áthas orainn fáilte a chur roimh Cathal Ó Fearraigh a chuirfidh ceardlanna bithéagsúlachta ar fáil faoi thábhacht na mbeach le linn mhí an Mheithimh. Beidh seisiúin scéalaíochta, tóraíocht taisce, seisiúin théamacha Lego, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta, clubanna leabhar, rang cartúin le Jarla laistigh agus lasmuigh beo againn, agus gan amhras leabhair do leanaí ar achan aois.

Beidh foireann na leabharlainne ag óstáil réimse imeachtaí, mar sin beidh neart le déanamh ag achan duine le linn shaoire an tsamhraidh ón scoil.

Agus é ag labhairt ag seoladh na féile luaigh an Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, an

Comhairleoir Kevin Bradley: “Tá ríméad orm an clár litearthachta iontach seo a sheoladh. Tá réimse

ar dóigh imeachtaí saor in aisce sna leabharlanna ar fud an chontae agus roinnt earraí saor in aisce

dóibh siúd a ghlacann páirt, táim cinnte go mbainfidh na leanaí sult as páirt a ghlacadh i Réaltaí an

tSamhraidh. Is iontach an rud é go bhfuil sceidil iomlána imeachtaí inár leabharlanna agus mar is

gnách, go gcuireann an tseirbhís réimse leathan seirbhísí den scoth ar fáil d’achan duine sa phobal.”

Fá choinne tuilleadh eolais ar an fhéile lena n-áirítear áiteanna a chur in áirithe agus amanna

imeachtaí féach ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus

@DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice