Tá imscrúdú seolta ag Gardaí tar éis corp mná a bheith aimsithe ar thalamh feirme


Fuarthas an bhean a tuairiscíodh ar iarraidh roimhe seo as an Iarmhí marbh ar thalamh feirme i gCo. Ros Comáin
Tá Gardaí i mBaile Átha Luain ag fiosrú na gcúinsí ar fad a bhain le bás mná ina 50idí tar éis teacht ar chorp ar thailte i gCurrach an Ghleanna, Co. Ros Comáin (gar do Bhaile Átha Luain) tráthnóna Dé Luain, 30 Nollaig 2024.
Tá an bhean ainmnithe go háitiúil mar Mirjana Pap, 58 bliain d'aois. Chonacthas í go deireanach i gceantar Bhaile Átha Luain maidin Dé Sathairn agus dheimhnigh Gardaí go bhfuarthas a corp Dé Luain, 30 Nollaig.
Tá fógra tugtha don Chróinéir áitiúil agus tá corp na mná tugtha go dtí an marbhlann in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh le scrúdú iarbháis a dhéanamh ag an Leas-Phaiteolaí Stáit.
LÉIGH TUILLEADH: FÓGRA: Tá cúnamh á lorg ag Gardaí chun fear a tuairiscíodh a bheith ar iarraidh a aimsiú i mBaile Átha Cliath
Tá oifigeach sinsearach imscrúdaithe (SIO) ceaptha chun an t-imscrúdú a stiúradh agus tá seomra teagmhais bunaithe ag Stáisiún na nGardaí i mBaile Átha Luain. Tá oifigeach idirchaidrimh teaghlaigh (FLO) sannta freisin chun tacaíocht a sholáthar don teaghlach.
Tá scrúduithe ar siúl faoi láthair ag an láthair agus ag áitreabh cónaithe i mBaile Átha Luain ag Biúró Teicniúil an Gharda Síochána. Gabhadh dhá charr freisin lena scrúdú.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu dul i dteagmháil le Stáisiún na nGardaí i mBaile Átha Luain ar 090 649 8550, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó le haon Stáisiún Garda.