Tá Crinniú na nÓg ar ais le rudaí do chách

Cruinniú na nÓgplaceholder image
Cruinniú na nÓg

LÁ LÁN le gníomhaíochtaí spleodracha, cruthaitheacha agus saor in aisce do na mílte daoine óga, beidh Cruinniú na nÓg 2023 ar siúl go luath.

D’fhógair Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sonraí faoi Chruinniú na nÓg 2023, lá lán le gníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga sa Ghairdín Pobail ar bhruach Abhainn na Tulchann i mBaile Átha Cliath.

Comhfhiontar idir Clár Éire Ildánach, údaráis áitiúla agus RTÉ atá i gCruinniú na nÓg 2023 agus is é an t-aon imeacht den chineál seo ar domhan.

Le gach cineál gníomhaíochtaí ar fud na tíre, beidh rud éigin ann do gach duine.

Reáchtálfaidh Líonra Ealaíona Sráide agus Líonra Sorcais agus Seó na hÉireann laethanta oscailte do dhaoine óga ar mhaith leo triail a bhaint as scileanna sorcais agus seónna sráide ina n-ionaid thiomnaithe i gCloch Shiurdáin, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. 

Dóibh siúd nach mbeidh in ann freastal ar an imeacht, beidh réimse leathan ranganna teagaisc ar líne ar fáil agus tabharfar 5,000 pláta rince amach ionas gur féidir le daoine óga a scileanna sorcais a fhorbairt sa bhaile.

Anuas ar sin, i mbliana tá Éire Ildánach ag obair i gcomhar le The Kabin Studio chun gach duine óg in Éirinn a spreagadh chun triail a bhaint as rapáil. Mar ullmhúchán tá foireann Oileán Ríme ag taisteal ar fud na tíre ag reáchtáil sraith ceardlann rap ar líne agus ar an láthair a chuirfear bailchríoch air ar lá ollmhór rap i nDún Eilíse i gCorcaigh a tógadh sa 17ú hAois. 

Tá comórtas iontach ealaíne Éire Ildánach agus RTÉ do dhaoine óga ar ais, agus fógrófar na hiontrálacha a bhuaigh ar an 10 Meitheamh 2023 mar aon le gailearaí digiteach náisiúnta ar líne de na hiontrálacha go léir.

Tacóidh TG4 le tacaíocht ó Rannán na Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le Ár nDomhan/Mo Dhomhan le roinnt grúpaí tionscadail Chruinniú na nÓg lena n-áirítear tionscadail ealaíne gainimh sna ceithre chúige. 

Chun liosta iomlán de na gníomhaíochtaí ar fad agus eolas a fháil faoi conas páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg – téigh chuig www.cruinniu.creativeireland.gov.ie agus www.rte.ie.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice