"Tá an Plean Leathanbhanda lárnach don gheilleagar áitiúil i bpobail" - Údarás na Gaeltachta

Broadband access in Laois set for expansion.placeholder image
Broadband access in Laois set for expansion.

Tá Údarás na Gaeltachta agus National Broadband Ireland, atá ag soláthar leathanbhanda snáithín-optaice ardluais faoi Phlean Náisiúnta Leathanbanda an rialtais, ag dul i gcomhpháirtíocht chun leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do thithe cónaithe agus gnólachtaí i gceantair Ghaeltachta.

Tá Údarás na Gaeltachta ag cur píosaí talún ar fáil ag suíomhanna lárnacha, chun go mbeidh NBI ábalta trealamh snáithín optaice a fheistiú, agus leathanbhanda ardluais a sholáthar. 

Óir go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt rochtain do NBI ar na suíomhanna seo, tá sé ar a gcumas a gcuid oibre a chur i gcrích ar bhealach a chuirfidh isteach a laghad agus is féidir ar an pobal máguaird, pobal a mbeidh buntáiste acu as an ngréasán snáithín optaice ag deireadh na dála.

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis tacú le NBI obair riachtanach a dhéanamh ag an suíomh atá acu i bPáirc Ghnó Shailearna sna hAille in Indreabhán agus tá sé beartaithe acu obair a éascú freisin ar Eastát Tionsclaíoch an Údaráis i gCill Chiaráin i gConamara.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Tá lúcháir orainn gur féidir linn tacú le forbairt an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda i gceantair Ghaeltachta. Cuireann soláthar cinnte leathanbhanda ardluais ar chumas daoine agus gnólachtaí páirt iomlán a ghlacadh san iliomad gné den saol comhaimseartha. Tá an Plean Leathanbhanda lárnach don gheilleagar áitiúil i bpobail ar fud na Gaeltachta.”

Dúirt Peter Hendrick, Príomhfheidhmeannach National Broadband Ireland: “Tá leathnú an ghréasáin NBI ag bailiú luais agus tá leath an ghréasáin anois tógtha nó á thógáil. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le hÚdarás na Gaeltachta as a dtacaíocht agus muid ag feidhmiú an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda. Tá na suíomhanna atá siad a chur ar fáil dúinn ina mbuntáiste mhór agus muid iarraidh an obair thógála san iarthar agus san iarthuaisceart a chur i gcrích chomh tapaigh agus is féidir linn agus buntáistí an snáithín optaice a thabhairt chomh fada lei tuilleadh tithe, gnólachtaí agus feirmeacha.”

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice