Sráith úr Ar Leac an Dorais Agat léirithe ag Ceara Ní Choinn

Ceara Ní Choinnplaceholder image
Ceara Ní Choinn

Beidh na saineolaithe an Dr Niall Comer agus Úna Walsh ag an imeacht le freagra a thabhairt ar cheisteanna

Seolfar sraith nua físe ‘Ar Leac an Dorais Agat’ in Iarsmalann an Iúir agus Mhúrn ar Aibreán 1 ag 11 ar maidin.

Is sraith de cheithre físeán déag í, a thugann léargas ar na logainmneacha atá le haimsiú i gceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Rinneadh an togra seo le cuidiú ó shaineolaithe, agus trí scannánaíocht ón aer a chuireann áilleacht an ceantar os bhur gcomhair. Is sraith í seo atá léirithe agus stiúrtha ag Ceara Ní Choinn. Carl Best atá i mbun grianghrafadóireachta.

Beidh na saineolaithe an Dr Niall Comer agus Úna Walsh ag an imeacht chun labhairt faoi na logainmneacha agus na ceisteanna a bhaineann leo. Cé go bhfuil an t-imeacht saor in aisce, is gá spás a chur in áirithe agus cuirfear lón saor in aisce ar fáil. 

Faigh do thicéid anseo

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice