Spriocdháta d'iontrálacha ar na gradaim foilsitheoireachta ar na bacáin
Sé an spriocdháta d'iontrálacha ar na gradaim foilsitheoireachta i gcomórtais liteartha Oireachtas na Gaeilge nó Iúil 14.
Trí ghradam a bheidh á bhronnadh i mbliana: Gradam Réics Carló, leabhar na bliana don léitheoir óg;
Gradam Uí Shúilleabháin, leabhar na bliana don léitheoir fásta agus Gradam de Bhaldraithe, leabhar na bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile.
Marc aitheantais ar scoth an chaighdeáin cruthaitheachta in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge iad na gradaim bhliantúla seo. Is gradaim iad seo atá dírithe go príomha ar fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge ach bronnfar duais ar údar na nduaisiarrachtaí agus i gcás Gradam Réics Carló, ar ealaíontóir an leabhair chomh maith.
Bronnfar duaischiste iomlán de €17,000 san réimse seo. Is féidir iontráil a dhéanamh ar-líne.
Is gá cúig cóip den leabhar a sheoladh chuig Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02VH98.
Fógrófar an trí ghearrliosta i mí Lúnasa 2023.